Ar na saolta ilchultúrtha seo is cuid suntasach dár n-oidhreacht í an Ghaeilge. Ba cheart dúinn í a cheiliúradh agus a chur chun cinn. Tacaím le beartas ar bith a aithníonn agus a dhearbhaíonn an dátheangachas in Éirinn inniu.
Tacaím go huile le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus chuideoinn go fonnmhar le ceart an tsaoránaigh a chuid gnóthaí a dhéanamh leis an stát i nGaeilge nó i mBéarla.
Bunchloch na fealsúnachta pearsanta atá agam i leith na Gaeilge ná an teanga a chur i gcroílár an tsaoil laethúil. Is iomaí slí atá ann chun an sprioc sin a bhaint amach:
Gan imeallú oifigiúil a dhéanamh ar an nGaeilge
Foirm Ghaeilge uait? Bí ag fanacht! Sin an teachtaireacht mhaol do Ghaeilgeoirí sa stát seo bunáite an ama. Ba cheart go dtarraingeodh an stát an cleachtas dátheangach chuige féin le go ndéanfaí freastal ar an bpobal uile.
Comhionnas Urraime i leith na Gaeilge
Bíodh an Ghaeilge ar chomhchéim leis an mBéarla. Logainmneacha lochtacha i gcló chomh beag nach dtabharfá faoi deara é. Is furasta comharthaíocht a dhéanamh i gceart. Déanaimis é agus bíodh meas againn ar ár dteanga féin.
Oideachas
Tacaím le beartas an Aire Oideachais is Eolaíochta an siollabas a leasú i dtreo na cumarsáide. Léiríonn gluaiseacht na Gaelscolaíochta nár cheart go séanfaí an deis ar aon pháiste scoile a dteanga dhúchais a fhoghlaim ar scoil.
Gnó
Tá an-deathionchar ag an earnáil ghnó ó thaobh chur chun cinn na teanga de. Molaim Gaillimh le Gaeilge mar eiseamlár de cheannródaí chleachtas an dátheangachais. Ba cheart go mbeadh an teanga le cloisteáil agus le feiceáil sna bailte móra.
Fáiltím roimh an gcinneadh stádas oifigiúil oibre a bhronnadh ar an nGaeilge san Aontas Eorpach. Má thoghtar chun an tSeanaid mé féachfaidh mé le Gaeilge a labhairt agus a chur chun cinn le linn díospóireachtaí an tí, ní díreach nuair atá ceisteanna Gaeilge nó Gaeltachta á bplé.